béal bocht an bhéaloidis: myles na gcopaleen agus a luath-chritíc ar an bhailiú ghairmiúil

Clicks: 127
ID: 183577
2017
Article Quality & Performance Metrics
Overall Quality
Not rated
Combines reader engagement with the AI quality analysis. This article has not been analysed, so there is no overall score — reader engagement is measured and shown alongside.
AI Quality Assessment
Not analyzed
Mint this article as an NFT
Not yet minted

Create a permanent, verifiable on-chain record of this article on the Scimatic Network. The NFT is held in your Journament account, and you can withdraw it to your own wallet at any time.

5 SUSD one-off · no wallet required
Abstract
Sa bhliain 1941, d’fhoilsigh Brian Ó Nualláin a úrscéal scigbheathaisnéisiúil An Béal Bocht faoin ainm cleite Myles na gCopaleen. Bíodh is gur scigaithris is ea An Béal Bocht ar na dírbheathaisnéisí Gaeltachta go príomha, díol spéise is ea an chritíc a dhéanann an Nuallánach ar thionscadal bhailiú an bhéaloidis agus ar léann na heitneagrafaíochta san úrscéal fosta. Dar ndóigh, foilsíodh an t-úrscéal nuair a bhí Coimisiún Béaloideasa Éireann (1935–1971) ina luathbhlianta agus deireadh tagtha le hInstitiúid Bhéaloideas Éireann (1930–1935). Dírítear san alt seo ar an chuntas ghearr a thugann príomhcharachtar an úrscéil, Bónapart Ó Cúnasa, ar an bhailitheoir ‘uasal’ sa cheathrú caibidil den leabhar, agus an bailitheoir ar a dhícheall ábhar béil a mhealladh agus a thaifeadadh ó ‘scoth an bhochtanais’. Cé nach maireann an cur síos ach ar feadh ceithre leathanach san úrscéal ar fad, tógann an cuntas aorach iliomad ceisteanna faoin chaidreamh chasta idir an bailitheoir agus an ‘faisnéiseoir’ agus faoi na cúinsí eitice a bhaineann le hábhar ó bhéal a bhailiú agus a chartlannú. Baintear feidhm san alt mar sin as lionsaí de chuid an bhéaloidis agus na heitneagrafaíochta le scagadh a dhéanamh ar chuid de na ceisteanna is spéisiúla a thógann an Nuallánach faoin bhailiú ghairmiúil agus faoi ghort na heitneagrafaíochta in An Béal Bocht. Suitear critíc seo an Nuallánaigh i gcomhthéacs idé-eolaíoch a linne, ag tarraingt ar fhoinsí éagsúla de chuid an bhéaloidis agus na ndírbheathaisnéisí Gaeltachta. Tarraingítear fosta ar iriseoireacht Ghaeilge an Nuallánaigh agus ar chuntais na mbailitheoirí a bhí fostaithe ag an Choimisiún chun go dtuigfear ceannródaíocht a luathchritíce i gcomhthéacs léann an bhéaloidis go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Reference Key
churraighn2017comhartaighdebal Use this key to autocite in the manuscript while using SciMatic Manuscript Manager or Thesis Manager
Authors ;Aisling Ní Churraighín
Journal comhartaighde
Year 2017
DOI
10.18669/ct.2017.03
URL
Keywords Keywords not found

Citations

No citations found. To add a citation, contact the admin at info@scimatic.org

No comments yet. Be the first to comment on this article.